Tá
Dingle Surf ag tacú le pobal surfála agus snámha an Daingin ón mbliain 2001, agus mar gheall ar a bpaisean don aigéan, táid an-aireach faoin ngá atá ann é a chosaint. Mar thoradh air sin, bíonn siad i gcónaí ag lorg slite chun an plaisteach ina ngnólacht a laghdú, idir rollaí scipéid gan aon lár plaisteach a roghnú agus plugaí cluaise a stocáil atá déanta as plaisteach aigéin athchúrsáilte ar fad geall leis chomh maith le sileacón athearraíochta.
Mar gheall ar COP an Daingin, gheall siad go gcuirfidís deireadh ar fad de réir a chéile le cultacha fliucha neipréine atá bunaithe ar pheitriliam agus cultacha fliucha C-Skins a chur ina n-áit, cultacha fliucha is ea iad sin a dhéantar as neipréin rubair nádúrtha phlandabhunaithe go bhfuil líneáil mogaill athchúrsáilte laistigh díobh. Tosnaíonn céim a haon le cultacha fliucha ardchaighdeáin, atá sna siopaí an tseachtain seo, agus tá siad díreach in am do spriocdháta COP an Daingin mhí na Samhna. Faigh tuilleadh eolais faoi chultacha fliucha C-Skins
anseo.