Is é
Dingle Lit féile bhliantúil Litríochta an Daingin agus beidh sí ar siúl ó Aoine an 15 Samhain go dtí an Domhnach an 17 Samhain. Le linn na féile, beidh an Daingean plódaithe le ceardlanna agus imeachtaí do dhaoine fásta agus do leanaí, agus is liosta le háireamh iad na scríbhneoirí áitiúla agus ar cuairt a bheidh ann.
Mar gheall ar COP an Daingin, gheall Féile Litríochta an Daingin laghdú 40% a dhéanamh ar líon na mbróisiúr clóite i gcomhair na féile i mbliana agus leanfaidh siad ar aghaidh leis an tionscnamh sin an bhliain seo chughainn chun féachaint ar shlite eile chun a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú. I mbliana chomh maith, beidh iontrálacha buacacha a gcéad chomórtais gearrscéalta sa bhróisiúr, agus sábhálfaidh siad páipéar trí réamhrá gearr a chur isteach maidir le gach buaiteoir in éineacht le cód QR ar féidir le léitheoirí é a scanadh chun an scéal a léamh ar líne.