Seo roinnt smaointí, le cuid de na geallúintí déanta ag daoine i COPanna áitiúla eile san áireamh.
Cinne déanta agat ar cén rud a mbeidh tú á gheallúint? An chéad rud eile ná chun an foirm a líonadh!
Is leagan áitiúil é COP an Daingean de Chomhdháil na bPáirtithe (COP), an ollchruinniú aeráide domhanda de chuid na Náisiún Aontaithe a reachtáltar go bliaintúil. Tabhair cuairt ar shuíomh COP domhanda anseo.
Tugann COP tíortha le chéile chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide atá ag dul in olcas de shíor, agus iarrann sé ar gach tír a gheallúint go dtabharfaidh siad faoi ghníomhaíochtaí agus na gníomhaíochtaí sin a bheith curtha i gcrích faoi spriocdháta.
“Ag comhdháil athrú aeráide na Náisún Aontaithe i bPáras, COP 21, d'aontaigh rialtais go bhfuil sé práinneach tabhairt faoi ghníomhaíochtaí aeráide níos treise agus níos uaillmhianaí chun na cuspóirí ar leagadh síos iad i gComhaontú Pháras a bhaint amach. Ní mór do rialtais, cathracha, réigiúin, gnónna agus lucht infheistíochta gníomhú. Tá ról le comhlíonadh ag gach uile duine i gcur i bhfeidhm éifeachtach Chomhaontú Pháras.”
Foinse: https://unfccc.int/climate-action/introduction-climate-action
Reachtáladh COP 28 san AEA (UAE) sa bhliain 2023. Bhí go leor daoine amhrasach faoin gceangal atá ag an náisiún óstach le tionscal na mbreoslaí iontaise, ach fós d'éirigh leis na páirtithe roinnt dul chun cinn a dhéanamh i réimsí áirithe agus céimeanna tábhachtacha a aontú.
Tá Corca Dhuibhne lán de thionscadail ealaíon agus timpeallachta agus grúpaí a dtugann roinnt brí agus gealas d'ár bpobal. Tabhair cuairt ar a suíomhanna gréasáin chun níos mó a fháil amach fúthu agus aon imeachtaí a bheidh á reachtáil i ngiorracht duit.
Aistriú Chiarraí
Baile Aistrithe Chorca Dhuibhne
Cumann Caomhnaithe na Machairí.
Coiste na mBailte Slachtmhara, an Daingean (Facebook)
Tá COP an Daingean á eagrú ag Hazel Blennerhassett, Laura Brodie, Darach Ó Murchú, Manuela Dei Grandi, John Ó Flannúra (Pobalscoil Chorca Dhuibhne), agus na daltaí Idirbhliain ag Phobalscoil Chorca Dhuibhne.