COP An Daingean logo

Ag laghdú astaíochtaí, ag méadú bithéagsúlachta

Glac ballraíocht i COP an Daingean

Smaoinigh ar athrú bídeach i do ghnó, scoil, nó grúpa a d'fhéadfadh gearradh siar ar astaíochtaí nó cur le bithéagsúlacht. Smaointí de dhíth ort? Tá go leor acu anseo, cuid acu a ghearrfaidh siar ar do bhillí chomh maith céanna! Tabhair geallúint go ndéanfaidh tú an t-athrú seo faoi Mhí na Samhna 2024.

Beidh ár n-ambasadóirí COP ag glaoch isteach ag gnónna agus grúpaí sa Daingean chun go mbeidh tú in ann ballraíocht a ghlacadh tú féin, agus freagróidh siad aon cheisteanna atá agat. Glacfaidh siad le do gheallúint agus cuirfear d'ainm le COP an Daingean.

Rogha ballraíochta eile ná an fhoirm thíos a líonadh amach.

Glac ballraíocht i COP an Daingean

Tabhair do ghealltanas

Líon amach an fhoirm thíos chun ballraíocht a ghlacadh i COP an Daingean. Más mian leat cabhair a fháil timpeall ar smaointí nó dá mb'áil leat ballraíocht a ghlacadh aghaidh ar aghaidh le duine, déan teagmháil linn ag mymessage@iwindinglecop.ie agus buailfidh duine den fhoireann isteach chughat.

A luaithe is a bheidh do gheallúint faighte againn cuirfear tú le leathanach na ngeallúintí agus ar ár meáin shóisialta laistigh de 24 uair an chloig. Agus tabharfar chughat ceann d'ár gcomharthaí lámhdhéanta COP an Daingean le crochadh id fhuinneoig go gearr ina dhiaidh sin.


Ag glaoch ar gach scoil, ealaíontóir agus ceardaí!


Nuair a thugann gnó nó grúpa áitiúil geallúint, tabharfaimid comhartha COP an Daingean dóibh le crochadh ina fhuinneog mar cheiliúradh ar a rannpháirtíocht i COP an Daingean agus chun an scéal a scaipeadh.

Ar ár gcomhartha tá íomhá lámhdhéanta d'éan faoi fhógra cairtchláir.

Tá ár gcomharthaí éin déanta go deonach ag daoine de gach aois, agus cuirimid fáilte roimh aon duine a bheadh sásta éan COP an Daingean a dhéanamh dúinn, a bheidh crochta ag duine d'ár rannpháirtithe ina dhiaidh sin.

Déan teagmháil linn contactmymessage@iwindinglecop.ie más mian leat éan COP an Daingean a dhéanamh dúin.

Tá cuid de na héanlaithe álainne ar déanadh iad cheana féin le feiscint ar an leathanach seo!

Wool-filled bird.

Treoirlínte d'éanlaithe

Is féidir leat saghas ar bith éin a dhéanamh, ach tá roinnt bheag rialacha a iarraimid ar gach éinne cloí leo:

  • Ba cheart dod éan a bheith timpeall 10cm ar airde agus leithead chun go raghadh siad isteach taobh thuas den gcomhartha cairtchláir.
  • Ba cheart do mheáchan d'éin gan a bheith os cionn XXX chun go mbeidh sé indéanta é a chrochadh go sábháilte.
  • Ní cheart d'éan a bheith deanta as ábhar a bhrisfidh ina smidiríní nó a ghortóidh duine dá dtitfeadh sé.
  • Ba mhaith linn go mbeadh bhur n-éanlaithe caoin leis an timpeallacht ar nós fíor-éin bheo!

Ná úsáid ach na hábhair seo a leanas chun d'éan a dhéanamh, más é do thoil é:

  • Éadach nó snáth nó cnaipí atá agat cheana féin, ar nós sean-léine, t-léine, scoirta, nó geansaí.
  • Cartchlár, páipéar síoda nó páipéar fuíll.
  • Corc fíona, píosaí beaga adhmaid.
  • ‘Papier mache’ déanta le páipéar athcursailte, plúr, salainn agus uisce.
  • Ábhar nádúrtha ar nós olann glan, cipíní adhmaid nó caor phéine. (Ná úsáid cleití mar tá siad deacair iad a steiriligh agus a glanadh)
  • ‘Poster paint’ nó ‘Tempera Paint’ nó pinn luaidhe - nó is feidir do phéint féin a dhéanamh suas ó píosaí glasraí agus torthaí!

Ná úsáid iad seo a leanas, más é do thoil é:

  • éadach, snáth nó cnaipí nua, srl (bain úsáid as a bhfuil agat cheana féin)
  • Pleastach nó gloine, súile 'googly' pleastach, coirníní pleastacha, gealra, cleití.
  • Bheadh sé níos fearr fós dá mbeadh d'éin inmhuirínithe go sábháilte nuair a thagann an t-am chuige.
  • Is féidir ábhair nádúrtha leithéidí cartchlár, páipéar nó cadáis neamhthuartha, ollann, agus línéadach a mhuiríniú go sábháilte.

Bheadh sé go hiontach más feidir do éan a bheith muirínithe go sábhailte nuair a thagann an t-am. Muirínigh ábhair nádúrtha ar nós cairtchláir neamhthuartha, páipéar, cadás, olann íon nó linéadach go sábhailte.

A luaithe is a bhíonn d'éan againn ceanglóimid é le comhartha de chuid COP an Daingean agus tabharfaimid é go duine de rannpháirtithe COP an Daingean. Tá comharthaí COP an Daingean priontáilte ar pháipéar athchúrsáilte a bhíonn á ghreamú le píosaí cartchláir ag foireann COP an Daingean.

Bí ag féachaint amach dod éanlaithe ar fud an bhaile!