COP An Daingean logo

Ag laghdú astaíochtaí, ag méadú bithéagsúlachta

Ag laghdú astaíochtaí, ag méadú bithéagsúlachta

Is é COP an Daingean ár leagan áitiúil de chomhaontas aeráide domhanda COP

Gach bliain eagraíonn na Náisiún Aontaithe 'Comhdháil na bPáirtithe' (COP) a thugann tíortha an domhain le chéile in iarracht aontaithe chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus meath na bithéagsúlachta.

Ag COP, geallann gach tír go ndéanfaidh sí athruithe a choimeádfaidh ár ndomhan oiriúnach don mbeatha – dúinne agus do na glúinte atá le teacht araon.

Tugann COP an Daingean cuireadh do 'pháirtithe' an Daingean – gnónna, scoileanna, agus eagrais áitiúla – an rud céanna a dhéanamh trí smaoineamh ar athrú beag amháin a d'fhéadfaidis a dhéanamh chun cur le bithéagsúlacht nó laghdú ar astaíochtaí.

Dingle street.

Nuacht

NUA! Tá Comhar Chreidmheasa Cara Chorca Dhuibhne
tar éis gealltanas a thabhairt go laghdófar an dramhaíl ina mbosca bruscair ghlas trí úsáid a bhaint as coimeádáin lóin gur féidir iad a ní in ionad coimeádáin aon-úsáide, agus tabharfaidh Siún abhaile gach bia oiriúnach agus déanfaidh sí é a mhúiríniú chun úsáid a bhaint astu ina gairdín glasraí. Bígí ag faire amach dár gcomhartha COP an Daingin i mbrainse Chorca Dhuibhne.


Oibrithe deonacha á lorg d’Féile Bhídh an Daingin!
I mbliana, is féile ‘Gan Dramhaíl’ a bheidh i bhFéile Bhídh an Daingin. Is polasaí nua iontach é seo atá á stiúradh ag ár gcairde ag Transition Corca Dhuibhne. Ní bheidh aon ghréithre boird aon uaire ag an bhféile ná earraí inmhúirínithe ach oiread - ina ionad sin, beir leat do phláta / sceanra / chupán féin, nó is féidir leat iad a cheannach / a thógaint ar cíos ag Oifig na Féile. Beidh stáisiúin rinseála ar fud an bhaile ionas gur féidir leat do ghréithre a ní. Má theastaíonn uait maoirseoireacht a dhéanamh ar stáisiún sruthlaithe ar bhonn deonach ó 12-3i.n. nó 3-6i.n. ar an Satharn nó ar an Domhnach, déan an fhoirm seo a líonadh le do thoil.


NUA! Dingle Bookshop
Tá Siopa Leabhar an Daingin dulta i gcomhpháirtíocht le COP an Daingin chun feachtas Clean The Cloud a reáchtáil chun ídiú fuinnimh agus astuithe ó néalseirbhísí a laghdú. Bígí ag faire amach dár gcomhartha COP an Daingin sa siopa ar Shráid an Doirín.


Ceardlann Fhéile Samhraidh Chaisleán Uí Ghriaire
Míle buíochas leis na healaíontóirí óga ar fad a d’fhreastail ar ár gCeardlann Éan ag Lá Spraoi na dTeaghlach!


NUA! Vincent's
Tá geallta ag Vincent's feachtas Why buy pre-loved? a chur sa tsiúl i mí Mheán Fómhair chun athúsáid éadaí a chur chun cinn. Bígí ag faire amach dár gcomhartha COP an Daingin sa siopa i Lána an Úlloird.


NUA! Dingle Skellig Hotel
Tá geallta ag Dingle Skellig Hotel clár nua deochanna a sheoladh a leagfaidh béim ar dheochanna a fhaightear go háitiúil, agus seolfar amárach iad! Tá tuilleadh gealltanais á bpleanáil acu chomh maith mar sin bí ag faire ar an spás seo. Beidh a gcomhartha COP an Daingin á sheachadadh againn an deireadh seachtaine seo!


Ceardlann Fhéile Na Bealtaine
Míle buíochas do na filí agus ealaíontóirí óga a d’fhreastail ar ár gCeardlann Ealaíne agus Filíochta ag Lá na bPáistí. Féach ar do dhearaí éan anseo!


NUA! La Boheme boutique
Gheall Boutique La Boheme líne "Éadaí Inbhuanaithe" a thabhairt isteach sa siopa, a láithreán gréasáin a nuashonrú chun comhairle a thabhairt do chustaiméirí maidir le conas éadaí a ní agus aire a thabhairt dóibh chun go mairfidís níos faide, tomhaltas uisce a laghdú, agus truailliú uisce a laghdú, agus tá sé mar aidhm acu méadú a dhéanamh ar chéatadán na n-éadaí a ndéantar in Éirinn iad go 10% dá stoc. Seolfaimid a gcomhartha COP an Daingin an deireadh seachtaine seo.


NUA! Clinic Cois Abhann
Gheall Clinic Cois Abhann go ndéanfaí leithscaradh níos déine ar a gcuid dramhaíola ionas gur féidir níos mó di a athchúrsáil/múiríniú, agus astuithe carbóin a laghdú trí aistriú go bolgáin LED, gléasanna a mhúchadh seachas iad a fhágáil ar fuireachas, soilsiú lasmuigh a laghdú, agus painéil ghréine a fháilt. Bí ag faire amach dár gcomhartha COP an Daingin sa chlinic.


NUA! Coláiste Íde
Tá geallta ag Coláiste Íde an bithéagsúlacht áitiúil a fheabhsú trí phlandáil ar a dtalamh. Tá siad chun bláthanna fiáin dúchasacha a chur agus an slí a ghearrann siad an féar a athrú. Tabharfaimid comhartha COP an Daingin dóibh an tseachtain seo.


NUA! Dingle Artworks
Tá Dingle Artworks ag cur deireadh le málaí plaisteach - as seo amach úsáidfear páipéar i gcóir na cártaí! Gura maith agaibh as ballraíocht a dhéanamh le COP an Daingin!


COP An Daingean ag Féile Na Bealtaine
Beidh ceardlann ealaíne agus filíochta á rith ag COP an Daingin le an bhfile, Melanie Joy, óna 2-4i.n ar an Sathairn an 4ú Bealtaine. Ní bheidh aon táille ar an ndoras. Cur spás in áirithint anseo.


NUA! Seed and Soul
Tá sé geallta ag Seed & Soul 2GoCups agus 2GoBowls a úsáid. Beidh ar chustaiméirí airgead a chur síos ar mhugaí agus babhlaí agus nuair a thugann siad na huirlisí thar n-ais - gheobhaidh siad an t-airgead thar n-ais nó tabharfar muga/babhla nua dóibh. Fair amach do chomhartha COP an Daingin sa chaifé!


NEW! LilyMais
Tá réimse nua cúisíní ag LilylMais agus tá sé beartaithe acu iad a líonadh le olann áitiúil atá in-bhithmhillte agus ar fáil go forleathan i gCorca Dhuibhne. Fair amach don comhartha nua COP an Daingin i siopa nua leo i gCeann a' Cé!


NUA! Dingle Printing
Bhí páipéar déanta san AE á úsáid cheana féin ag Dingle Printing - ach tá sé geallta acu é seo a ardú go 95% do thionscnaimh faoi Mí na Samhna. Táid chun caiteachas leictreachas a laghdú, as seo amach beidh na meaisíní á mhúcha acu nuair ná beidh siad in úsáid. Tabharfaimid comhartha COP an Daingin dóibh an tseachtain seo.


NUA! Fiaclóirí an Daingin
Tá geallúint déanta ag Fiaclóirí an Daingin chun cupán páipéar in-athchúrsáilte/ compostable amháin a úsáid, cheannaigh ó soláthraithe a úsáideann pacáistíocht in-athchúrsáilte/comostable amháin, laghdú a dhéanamg ar phlastaic aonúsáide agus roghanna eile inbhuanaithe a úsáid, agus bláthanna dúchasacha a phlandáil sa gháirdín. Beidh an chomhartha COP An Daingean á fháilt acu an tseachtain seo.


NUA! Salann Mara an Daingin
Tá Salann Mara an Daingin tar éis geallúint a dhéanamh chun níos mó boscaí neadaithe a úsáid agus claoíocha sceach agus spásanna le bláthanna fiáine a leathnú san áit go bhfuil an tollán galú acu. Tá siad chun motar leictreach a úsáid i gcóir ordaithe áitiúil sa Daingean. Tiocfaidh comhartha COP an Daingin an tseachtain seo!


NUA! Tig Feirme Gleann Loic B&B
Tá geallúint déanta ag Tig Feirme Gleann Loic B&B chun crainn dúchasacha a phlandáil agus áiteanna le bláthanna fiáine a caomhnaigh ar a dtalamh. Bheidh siad ag fáilt comhartha ‘COP an Daingean’ an tseachtain seo!


Anois ar Instagram!
Beidh gach comhlacht agus grúpa atá ag glacadh pháirt léirithe ar our Instagram. Chomh maith le seo, beidh eolas á chuir suas againn go rialta chun a thaispeáint cé chomh éasca is atá sé chun aistriúcháin beaga a dhéanamh a choiglíonn airgead agus a dhéanann difríocht dearfach ag an t-am céanna.


NUA! Dick Macks Pub and Brewery
Tá geallúint déanta ag Dick Macks Pub and Brewery chun painéal gréine a chuir suas, athrú go tairgí glanadh éiceabhách agus fál sceach dúchasach a phlandáil sa gháirdín ag cúl an tigh tabhairne. Tá comhartha COP an Daingean le feiceáil suas i bhfuinneog Dick Mack’s.


Lean orainn ar Facebook
Beidh comhairle agus nasc usáideach á chuir suas againn ar Facebook agus beidh scéalta iontacha á chuir suas againn ar conas a bhfuil daoine ag glacadh pháirt.


NUA! Kathleen McAuliffe Millinery and Jewellery
Tá geallúint déanta ag Kathleen McAuliffe Millinery and Jewellery chun laghdú phraghas a chuir ar fáil má tá cupán caife athusáidte agat. Tá bláthanna fiáine á phlandáil acu i ngáirdín an chaife agus tá siad ag féachaint isteach ar phainéal gréine. Tá comhartha COP an Daingean le feiceáil i bhfuinneog Kathleen McAuliffe.


NUA! Tá Mara Beo an Daingean
tar éis geallúint níos mó dá húsáid fuinnimh a athrú go fuinneamh gréine trí bhreis phainéil gréine a chur i bhfearas, agus beidh siad ag scor ó shoip pháipéir a bheith in úsáid ina gcaifé, rud a laghdóidh ar astaíochtaí carbóin ó dhéanamh agus seachadadh na sop. Tá fógra COP an Daingean anois le feiscint ina fuinneoig.


NUA! Grá Dingle Healthfoods
Tá geallúint déanta ag Grá Dingle Healthfoods chun bláthanna fiáine a cuir agus a shábháil chun cuir le bithéagsúlacht. Tá comhartha COP An Daingean le feiceáil i bhfuinneog Grá Dingle Healthfoods.


Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Tá scoláirí san idirbhliain i bPCD tar éis teacht ar ár bhfoireann agus déanfar iad a thraenáil mar ambasadóirí do COP an Daingean.


COP Chaisleán Ghriaire Seolta
Tá scoláirí idirbhliana i Meánscoil an Leithriúigh ag obair cheana féin ar a COP áitiúil agus beidh siad ag obair i gcomhpháirt le COP an Daingean.



DuchasTransition Corca Dhuibhne

Conas is féidir liom páirt a ghlacadh?

Bí páirteach le trí chéim shimplí!

1. Smaoinigh ar athrú beag gur féidir leat a dhéanamh a chuirfidh le bithéagsúlacht nó a laghdóidh astaíochtaí.

Smaoinigh ar athrú beag gur féidir leat a dhéanamh a chuirfidh le bithéagsúlacht nó a laghdóidh astaíochtaí.



2. Geall go ndéanfaidh tú an t-athrú sin faoi Mhí na Samhna 2024.

Geall go ndéanfaidh tú an t-athrú sin faoi Mhí na Samhna 2024 – Déan é leat féin nó i dteannta duine d'ár n-ambasadóirí COP, nó tríd an bhfoirm anseo a líonadh amach.



3. Nuair a bheidh an t-athrú a gheall tú curtha i gcrích agat, cuir rphost chughainn ag 'achieved'.

Nuair a bheidh an t-athrú a gheall tú curtha i gcrích agat, cuir rphost chughainn ag achievedmypledge@iwindinglecop.ie.









Fonn ceardaíochta ort?

Tá éan beag lámhdhéanta atá 100% uathúil ar gach comhartha de chuid COP an Daingean.

Dingle Cop bird

Dá mbeadh fonn ortsa, ar do scoil, nó do ghrúpa ceardaíochta roinnt éan COP an Daingean a dhéanamh a n-úsáidfí d'ár gcomharthaí, léigh a thuilleadh anseo.

Tig Feirme Gleann Loic.
Bí páirteach sna páirtithe!

B'é an t-eagras neamhbhrabúis Wild Pear CIC a bhunaigh gluaiseacht an COP áitiúil. Más mian leat COP áitiúil a bhunú san áit ina bhfuil tú i do chónaí, iarr acmhainní orthu ag lisatrees@andflowerswildpearclc.co.uk

lámha sona

B'é an t-eagras neamhbhrabúis Wild Pear CIC a bhunaigh gluaiseacht an COP áitiúil. Más mian leat COP áitiúil a bhunú san áit ina bhfuil tú i do chónaí, iarr acmhainní orthu ag lisatrees@andflowerswildpearclc.co.uk