Úsáid leictreachais a ghearradh
25% faoi 2025
Is tionscadal atá lonnaithe i gCiarraí é Dúshlán 25 fá 25,
a thugann cuireadh duit airgead a shábháil ar do bhille leictreachais trí laghdú ar d'úsáid fuinnimh
ag baint feidhm as roinnt céimeanna fuiriste.
Cé mhéid leictreachais a úsáideann tú?
Tosnaigh le féachaint ar do bhille leictreachais agus seiceáil sa cló beag ar an leathanach deireanach chun fáil amach cad é líon iomlán an leictreachais a d'úsáideadh. Sa bhille thíos, is é seo 496kWh. Déanfaim iarracht é a laghdú 25% go dtí 372kWh sa chéad bhille eile.
Tá sé d'aidhm againn ár astaíochtaí CO2 a laghdú 25%. Sa bhille thíos is ionann seo agus 104gCO2/kWh. Déanfaim iarracht é a laghdú 25% go dtí 78gCO2/kWh sa chéad bhille eile.
Conas is féidir leat d'úsáid fuinnimh a laghdú?
Déanfaidh na hathruithe beaga seo idir d'úsáid fuinnimh agus do bhillí a laghdú.
- Faigh amach cad iad na rudaí a úsáideann an-chuid leictreachais ag baint feidhm as monatóir fuinnimh plugála (táid ar fáil ag do leabharlann áitiúil) nó trí faire ar do mhéadar leictreachais. Ansin bain níos lú úsáid as na rudaí sin.
- Nuair a bhíonn tú ag déanamh uasghrádú ar ghléasanna leictreacha, ceannaigh an ceann laistigh ded bhuiséad leis an rátáil fuinnimh is fearr. Foghlaim faoi rátálacha fuinnimh anseo.
- Cas an teirmeastat síos 1 chéim chun suas le 10% a shábháil.
- Gléasanna leictreacha: Múch agus bain an phlocóid.
- Cócaráil éifeachtúil: Cas amach an iarta don gcúpla nóiméad deireanach de chócaráil fad is atá sé fós te.
- Fuarú éifeachtach: Coimeád doirse cuisneoirí agus reoiteoirí dúnta an oiread agus is féidir agus ná déan ró-líonadh orthu. Má bhíonn cuisneoir nó reoiteoir ró-lán ní shruthlaíonn aer fuar timpeall na hearraí laistigh iontu agus bíonn orthu níos mó fuinnimh a úsáid.